Seirbhísí as Gaeilge
Ceiliúrtar seirbhísí rialta i nDeoise Bhaile Átha Cliath agus Gleann dá Loch trí mheán na Gaeilge, faoi choimirce Chumann Gaelach na hEaglaise go príomha.
Cumann Gaelach na hEaglaise
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun
- meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile
- úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais
- iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge
- ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.
Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta mar a leanas:
- An dara Domhnach gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 8.30 am - an Chomaoineach Naofa i séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, 96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6
- An ceathrú Domhnach gach mí (seachas Meitheamh, Iúil, Lúnasa agus Nollaig) ar 5 pm - an Chomaoineach Naofa in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8
- Seirbhís Idirchreidmheach ar an (dara) Aoine ar 8 pm le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí i mí Eanáir in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8.
Eagraítear seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham – mar shampla, Lá Fhéile Pádraig, féilte.
Tacaíonn Cumann Gaelach na hEaglaise le seirbhísí Gaeilge in Ardteampall Chríost ar ócáidí áirithe nuair a bhíonn Urnaí na Nóna á chanadh ag cór an Ardteampaill.
Website: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/
An chéad Seirbhís Ghaeilge eile:
Seirbhís (an Chomaoineach Naofa &rl): An Chomaoineach Naofa
Áit: Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8
Dáta: 22/11/2009
Am: 5pm
Nótaí:
An tSheirbhís ina Dhiaidh Sin:
Seirbhís (an Chomaoineach Naofa &rl): An Chomaoineach Naofa
Áit: Séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
Dáta: 13/12/2009
Am: 08:30
Nótaí:








