Search

United Dioceses of Dublin & Glendalough

General

01.01.2009

Coiste Nua Tofa Ag Cumman Gaelach na hEaglaise - New Committee Elected by Cumman Gaelach na hEaglaise

Bhí Cruinniú Cinnbhliana ag Cumann Gaelach na hEaglaise le déanaí. Toghadh Coiste nua ar an gCumann. Beidh na daoine seo leanas ar an gCoiste: an Dr Kenneth Milne, an tUrr Eric Culbertson, Eileen McCracken, Seathrún MacÉin, Dáithí Ó Maolchoille agus Aonghus Dwane. Athtoghadh Daithí Ó Maolchoille mar Chisteoir Oinigh agus toghadh Aonghus Dwane mar Rúnaí Oinigh.
 
Beidh sé mar aidhm ag an gCumann na himeachtaí fánacha Gaeilge atá ag tárlú in Ardteampall Chríost le blianta beaga anuas (ar nós Scoil Shamhraidh na hAthbheochana Ceiltí, an fhéile "Colmcille @ Ardteampall Chríost" agus seirbhísí ocáidiúla Urnaí na Nóna canta) a nascadh le h-obair an Chumainn. D'fhógair an Cumann go mbeidh seirbhís idirchreidmheach ar siúl ar an 23 Eanáir 2009, agus Urnaí na Nóna canta ar siúl ar an 14 Márta 2009. Bíonn seirbhísí Gaeilge ag an gCumann i mBaile Átha Cliath dhá uair in aghaidh na míosa agus bíonn fáilte roimh chách freastal orthu.
 
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain i 1914 chun baill d'Eaglais na hÉireann a chuireann spéis i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge a bhailiú le chéile, agus an teanga a chur chun cinn san Eaglais. Tá baill agus cairde Eaglais na hÉireann bailithe le chéile sa Chumann sa lá atá inniu ann. Tá gach eolas ar imeachtaí agus seirbhísí Chumann Gaelach na hEaglaise ar fáil ar an leathanach idirlíne www.dublin.anglican.org/resources/seirbhis_as_gaeilge.php 
 
 
ENGLISH VERSION---------------------------------------
 
Cumann Gaelach na hEaglaise (the Irish Guild of the Church) recently held its annual General Meeting. The following were elected to its Coiste (Committee): Dr Kenneth Milne, Rev Eric Culbertson, Mrs Eileen McCracken, Mr Seathrún MacÉin, Mr Dáithí Ó Maolchoille and Mr Aonghus Dwane. Daithí Ó Maolchoille was re-elected Hon Treasurer and Aonghus Dwane was elected Hon Secretary.
 
The Cumann aims to link its programme with the Irish language initiatives centered around Christ Church Cathedral in recent years, such as the Celtic Revival Summer School, the "Colmcille @ Christ Church" festival and the occasional sung Evensong services in Irish). The Cumann announced that an interdenominational service in Irish would be held for Church Unity Week on the 23rd January 2009, and a sung Evensong in Irish on the 14th March 2009. The Cumann holds Irish services twice monthly in Dublin and all are welcome to attend these.
 
Cumann Gaelach na hEaglaise was founded in 1914 to bring together members of the Church of Ireland interested in Irish language and Gaelic culture, and to promote the Irish language within the Church of Ireland. Today, both members and friends of the Church of Ireland are involved in the Cumann. Further information on Cumann Gaelach na hEaglaise's services and activities may be found on its webpage at www.dublin.anglican.org/resources/seirbhis_as_gaeilge.php 
 

This site uses cookies for general analytics but not for advertising purposes. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on our website. However, you can change your cookie settings at any time.