Search

United Dioceses of Dublin & Glendalough

General

13.01.2014

Interdenominational Service in Irish in Christ Church Cathedral

(English version below) 

Beidh Seirbhís Idirchreidmheach trí Ghaeilge á reáchtáil in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8, Dé hAoine 24 Eanáir 2014 ag 8pm ag Cumann Gaelach na hEaglaise i bpáirtíocht le Pobal an Aifrinn.

Ceiliúradh ar Sheachtain na hAontachta Críostaí a bheidh i gceist leis an tSeirbhís seo, atá ar siúl le níos mó ná daichead bliain. Beidh iomainn, paidreacha agus léachtaí ann. Beidh iomainn á gcanadh ag cór Ghaelscoil na Cille, Co na Mí. Cloisfear cainticí agus aintiúin eaglasta ó choimhdeach chór Ardteampall Chríost. 

Beidh cléir ó eaglaisí éagsúla i láthair, agus an tAthair Mícheál Mac Gréil, a bheidh mar sheanmóirí i mbliana. Beidh ionadaí an Ard–Mhéara i láthair freisin. Cuirfear sólaistí ar fáil i lusca (crypt) meánaoiseach an Ardteampaill i ndiaidh na Seirbhíse.

Dúirt Dáithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise,

“Tá Cumann Gaelach na hEaglaise ag comóradh an chéid i mbliana agus is cúis áthais dúinn a rá go bhfuil bláthú agus fás le brath ar ghníomhaíochtaí Chumann Gaelach na hEaglaise ar fud na tíre. Is ócáid bhródúil í dúinn gurb í an tSeirbhís Idirchreidmheach seo an chéad seirbhís chomórtha don Chumann i 2014. Cuireadh tús leis an tSeirbhís seo i 1971 le linn na dTrioblóidí. Tá tacaíocht láidir ann don tSeirbhís seo. Is é an téama i mbliana ná An Amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? Tá fáilte roimh chách.”

Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean–Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Suíomh gréasáin: www.gaeleaglais.ie Facebook: www.facebook.com/Gaeleaglais

 

INTERDENOMINATIONAL SERVICE IN IRISH IN CHRIST CHURCH CATHEDRAL

An Interdenominational Service in the Irish language will be held in Christ Church Cathedral, Dublin, on Friday, 24 January 2014 at 8pm, organised by Cumann Gaelach na hEaglaise and Pobal an Aifrinn. This service, a tradition for over 40 years, will celebrate Church Unity Week, with hymns, prayers and readings. Hymns will be sung by the choir of Gaelscoil na Cille, Co. Meath. A consort of Christ Church Cathedral choir will sing canticles and an anthem.

Clergy from various churches will be present, and Fr Mícheál Mac Gréil will preach this year. Representative of the Lord Mayor will be present also. Refreshments will be available in the medieval cathedral crypt after the service. 

Dáithí Ó Maolchoille, Chairman of Cumann Gaelach na hEaglaise said:

“Cumann Gaelach na hEaglaise (The Irish Guild of the Church) is celebrating its centenary this year. It is a cause of much pleasure to note that progress and growth can be reported from the activities of Cumann Gaelach na hEaglaise throughout the country. We are proud that this Interdenominational Service is the first commemorative service of Cumann Gaelach na hEaglaise in 2014. This Service, for which there is considerable support, was started in 1971 during the Troubles. This year the theme is  Has Christ been divided? All are welcome.”

Cumann Gaelach na hEaglaise: The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.

Website: www.gaeleaglais.ie and Facebook: www.facebook.com/Gaeleaglais

This site uses cookies for general analytics but not for advertising purposes. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on our website. However, you can change your cookie settings at any time.