Search

United Dioceses of Dublin & Glendalough

General

14.01.2015

Seirbhís Idirchreidmheach Ghaeilge In Ardteampall Chríost/ Interdenominational Service In Irish In Christ Church Cathedral

[English version below]

Beidh Seirbhís Idirchreidmheach trí Ghaeilge á reáchtáil in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8, Dé hAoine 23 Eanáir 2015 ag 8pm ag Cumann Gaelach na hEaglaise i bpáirtíocht le Pobal an Aifrinn. Is é an téama i mbliana ná Tá an Tobar Domhan.

Ceiliúradh ar Sheachtain na hAontachta Críostaí a bheidh i gceist leis an tSeirbhís seo, atá ar siúl le níos mó ná daichead bliain. Beidh iomainn, paidreacha agus léachtaí ann. Beidh iomainn á gcanadh ag cór Ghaelscoil na Cille, Co na Mí. Cloisfear cainticí agus aintiúin eaglasta ó choimhdeach chór Ardteampall Chríost.

Beidh cléir ó eaglaisí éagsúla i láthair, agus an tUrr Ian Coulter a bheidh mar sheanmóirí i mbliana. Beidh ionadaí an Ard–Mhéara i láthair freisin. Cuirfear sólaistí ar fáil i lusca (crypt) meánaoiseach an Ardteampaill i ndiaidh na Seirbhíse. 

Dáithí Ó Maolchoille
Dáithí Ó Maolchoille

Dúirt Dáithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise,(phictiúr)

“Nuair a chuireamar tús leis an tseirbhís seo in 1971 ní raibh fhios againn cad a bhí romhainn.   Is iontach an tacaíocht a fuaireamar thar na blianta. Is mór an phribhléid dúinn bheith páirteach leis an togra seo go fóill. Tá fáilte roimh chách idir chléir agus tuath”.

Bíonn seirbhísí dátheangacha in Ardteampall Chríost gach mí.   Beidh an chéad sheirbhís, Urnaí na Nóna Chórúil, 25 Eanáir 2015, ag 3.30pm.   Fáilte roimh chách (ach go háirithe daoine a bheadh sásta cabhrú linn, léitheoirí, srl.). 

Tuilleadh eolais:  Déan teagmháil le Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge 00+353 85 1632772 nó 00+44 7885 633651   gaeleaglais@gmail.com   www.gaeleaglais.ie   www.facebook.com/gaeleaglais

Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean–Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.

 

INTERDENOMINATIONAL SERVICE IN IRISH IN CHRIST CHURCH CATHEDRAL

An Interdenominational Service in the Irish language will be held in Christ Church Cathedral, Dublin, on Friday, 23 January 2015 at 8pm, organised by Cumann Gaelach na hEaglaise and Pobal an Aifrinn. This year the theme is The Well is Deep.

This service, a tradition for over 40 years, will celebrate Church Unity Week, with hymns, prayers and readings. Hymns will be sung by the choir of Gaelscoil na Cille, Co. Meath. A consort of Christ Church Cathedral choir will sing canticles and an anthem.

Clergy from various churches will be present, and Rev. Ian Coulter will preach this year. Representative of the Lord Mayor will be present also. Refreshments will be available in the medieval cathedral crypt after the service.

Dáithí Ó Maolchoille, Chairman of Cumann Gaelach na hEaglaise, (pictured) said:

“When we planned the first service back in 1971 we had no idea that it would be still going strong 45 years later. We very much appreciate the tremendous support we have received over the years. It is our privilege to be involved in this service. We extend a warm welcome to all to attend this service on Friday evening”.

There are regular bilingual services in Christ Church Cathedral each month. The first Bilingual Evening will be on 25 January at 3.30pm.   Everyone welcome (particularly anyone wishing to help, readers, etc.). 

Further information: Caroline Nolan, Irish Development Officer, gaeleaglais@gmail.com   Tel: 00+353 85 1632772 or 00+44 7885 633651 www.gaeleaglais.ie    www.facebook.com/gaeleaglais

Cumann Gaelach na hEaglaise:  The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.

This site uses cookies for general analytics but not for advertising purposes. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on our website. However, you can change your cookie settings at any time.