Search

United Dioceses of Dublin & Glendalough

General

17.01.2018

Seirbhís Idirchreidmheach Ghaeilge in Ardteampall Chríost, BÁC – Interdenominational Service in Irish

Seirbhís Idirchreidmheach Ghaeilge in Ardteampall Chríost, BÁC  – Interdenominational Service in Irish

Beidh Seirbhís Idirchreidmheach trí Ghaeilge á reáchtáil in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8, Dé hAoine 19 Eanáir 2018 ag 8pm ag Cumann Gaelach na hEaglaise i bpáirtíocht le Pobal an Aifrinn.  

Beidh óráid chuimhneacháin i ndiaidh na seirbhíse ag tabhairt chun cuimhne ár gcara dílis,  an tEaspag Dónall Caird a fuair bás anuraidh. 

Tabharfaidh Aonghus Dwane, údár Donald Caird, Church of Irish Bishop, Gaelic Churchman, A Life an léacht.   

Ceiliúradh ar Sheachtain na hAontachta Críostaí a bheidh i gceist leis an tSeirbhís seo. Beidh iomainn, paidreacha agus léachtaí ann. Beidh iomainn á gcanadh ag cór Ghaelscoil na Cille, Co na Mí. Cloisfear cainticí agus aintiúin eaglasta ó choimhdeach chór Ardteampall Chríost.  

Beidh cléir ó eaglaisí éagsúla i láthair, agus an tAthair Leon Ó Giolláin a bheidh mar sheanmóirí i mbliana. Beidh Micheál Mac Donnacha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath  i láthair.  

Dúirt Trevor Sargent, Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise,   “Is ócáid bhródúil í dúinn gurb í an tSeirbhís Idirchreidmheach an chéad seirbhís chomórtha don Chumann i mBliain na Gaeilge 2018. Cuireadh tús leis an Seirbhís seo i 1971 le linn na dTrioblóidí agus buíochas le Dia, trí laochra ar nós an Easpaig Dhónaill Chaird, níl teannas na sean laethanta sin le brath a thuilleadh. Deirtear, ‘ní neart go cur le chéile’, ach tá dushláin shóisialta, eiceolaíochta agus Brexit os ár gcomhair fós. Chuige sin, deirimís ‘ní neart go guí le chéile’ chomh maith”. Molaimís an tAon Mhac Dé faoi théama na Seirbhíse : Go Saortar Sinn go Léir “  

Dúirt Bláthnaid Ó Brádaigh,  Riarthóir, Pobal an Aifrinn, “Trí thionchar na seirbhíse bliantiúla seo i nGaeilge, idir Pobal an Aifrinn agus Cumann Gaelach na hEaglaise, agus trín gcaradas agus cónasc a ghin an comhoibriú agus comhcheiliúradh seo le 47 mbliain, is é ár nguí go bhfásfaidh agus go bhforbróidh an tuiscint ar ár n–oidhreacht agus ár gcreideamh coitinn, agus go gcuirfear le saibhreas ár saoil agus ár saothair i láthair Dé.”  

Cuirfear sólaistí ar fáil i lusca (crypt) meánaoiseach an Ardteampaill i ndiaidh na Seirbhíse.Tá fáilte roimh chách. 

INTERDENOMINATIONAL SERVICE IN IRISH IN CHRIST CHURCH CATHEDRAL 

An Interdenominational Service in the Irish language will be held in Christ Church Cathedral, Dublin, on Friday, 19 January 2018 at 8pm, organised by Cumann Gaelach na hEaglaise and Pobal an Aifrinn.  

There will be a short address after the service to remember the late Bishop Donald Caird.  Aonghus Dwane, author of Donald Caird, Church of Ireland Bishop, Gaelic Churchman, A Life will give the lecture.  

This service, a tradition for 47 years, will be celebrated during the Week of Prayer for Christian Unity, with hymns, prayers and readings. Hymns will be sung by the choir of Gaelscoil na Cille, Co. Meath. A consort of Christ Church Cathedral choir will sing canticles and an anthem.  

Clergy from various churches will be present, and Fr.Leon Ó Giolláin SJ will preach this year. The Lord Mayor of Dublin, Micheál Mac Donnacha will also attend.  

Trevor Sargent, Chair of Cumann Gaelach na hEaglaise, speaking about this service said,  “We are delighted that our first event in Bliain na Gaeilge 2018 is our Interdenominational Service.  This service began in 1971, in response to the Troubles, but, Thanks be to God, those days are behind us now, due to the sterling efforts of great people, not least Bishop Donald Caird.  The Irish saying, ‘ní neart go cur le chéile’, means ‘there is no strength without unity’, and we still face challenges; social, ecological and Brexit. To this I say, ‘ní neart go guí le chéile’ chomh maith’, ‘there is no strength without prayer’.   Let us praise the Son of God, with the theme for the service, That We All May Be Free”.  

Bláthnaid Ó Brádaigh, Administrator, Pobal an Aifrinn said, “Through the influence of the inter–denominational service in Irish, organised annually by Pobal an Aifrinn and Cumann Gaelach na hEaglaise, and the friendships and bonds generated by this co–operation for the past 47 years, it is our wish that the knowledge and awareness of our shared Celtic heritage and religion will continue to grow and expand, and thus enrich our lives in God’s presence.”  

Refreshments will be available in the medieval cathedral crypt after the service.

This site uses cookies for general analytics but not for advertising purposes. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on our website. However, you can change your cookie settings at any time.