Search

United Dioceses of Dublin & Glendalough

Back

Resources

Seirbhísí as Gaeilge

Ceiliúrtar seirbhísí rialta i nDeoise Bhaile Átha Cliath agus Gleann dá Loch trí mheán na Gaeilge, faoi choimirce Chumann Gaelach na hEaglaise go príomha.

Cumann Gaelach na hEaglaise

Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun

  • meon na Sean–Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile
  • úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais
  • iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge
  • ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.

Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta mar a leanas:

  • Urnaí na Nóna, dátheangach. An ceathrú Domhnach gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 3.30 i.n. in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8
  • An Eocairist, as Gaeilge. An ceathrú Luan, gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 12.45 in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath. 
  • Seirbhís Idirchreidmheach le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí i mí Eanáir in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8.

Eagraítear seirbhísí eile fud fad na tíre ó am go ham – ach go háirithe, Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile Pádraig, Féile Naomh Cholmcille, Féile an Fhómhair agus Aidbhint. 

Tuilleadh eolais: Ríomhphost: gaeleaglais@gmail.com 
Facebook: www.facebook.com/Gaeleaglais
Website: http://www.gaeleaglais.ie

This site uses cookies for general analytics but not for advertising purposes. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on our website. However, you can change your cookie settings at any time.